Réimsí Tionscadal

Dún na nGall

Is láithreán mór intíre é LCS Phortach Chlochar na nGabhar agus Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha atá suite i lár iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall. Áirítear ann éagsúlacht gnáthóg, cosúil le bratphortaigh, fraochmhánna tirim, fliucha agus alpacha, féarach ardtalún agus coillearnach. Is é an portach seo an córas bratphortaigh is fairsinge atá fós in iarthuaisceart na hÉireann. Tá fraochmhá fliuch le fáil ag an suíomh seo i mósáic le bratphortach. Tarlaíonn sé seo go háirithe ar na fánaí íochtair de chnoic áit a mbuaileann bratmhóin domhain ísealchríche le móin níos éadoimhne. Bíonn fraoch tirim le fáil ar fhánaí os cionn 300m.

Clúdaíonn LCS Shliabh Thuaidh / An Tor Mór agus Gaoth Luacharois Beag an leath thuaidh de leithinis Shliabh Liag i gContae Dhún na nGall. Clúdaíonn bratphortach an chuid is mó de na fánaí íochtair intíre. Thuas ar an bhfána, éiríonn an ciseal móna níos tanaí de ghnáth agus tá fraoch le fáil sa bhfásra. In áiteanna, cruthaítear fásra fraoigh mósáic le féarach aigéadach.

Síneann LCS Shliabh Liag ó Ghleann Cholm Cille, timpeall go pointe soir ó dheas ó Theileann i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. Tá an suíomh clúdaithe le bratphortach ardtalún agus ísealchríche. Is sampla breá é de bhratphortach neamhdhraenáilte le go leor linnte. Tá fraochmhá fliuch le fáil ar na móna níos éadoimhne i gcomhar le fraochmhánna tirime. Tá daonraí Seabhac le fáil sa suíomh agus is láthair chothaithe é don Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach.

Ritheann LCS Phortach na Teamhrach , feadh na teorann le Tuaisceart Éireann i gContae Dhún na nGall. Is éard atá ann bratphortach, fraochmhá fliuch agus lochanna olagatrófacha. Tá limistéir fhliucha crith talún, faiche, linnte idircheangailte agus borrfhás sa bhratphortach seo. Faightear limistéir fhraochmháigh fhliucha in áiteanna a bhaineann le fána agus i gceantair atá níos airde ná an bratphortach.

Tá LCS Phortach na Cúlbhá, suite ar na fánaí íochtaracha ó thuaidh de Shliabh Chruach Léithín, soir ó dheas ó shráidbhaile na Dúchoradh i gContae Dhún na nGall. Bratphortach atá sna codanna íochtair den suíomh. Tarlaíonn córais tulóga/log dea-fhorbartha. Go hiondúil is fraoch tirim atá sna codanna is airde le fána den láithreán.

Tá LCS Loch Gabhlach agus Cruach Bhríosaí, suite idir Béal Átha Seanaidh agus Paiteagó i ndeisceart Chontae Dhún na nGall. Is é bratphortach an phríomhghnáthóg. Faightear córais linnte agus tulóga in go leor réimsí. Tá seanphortach scoite athghinte ann.

Tá LCS Phortach Mhín an Ghiúis / An Aird Bháin , suite sna Cruacha i gContae Dhún na nGall. Tá bratphortach ardchríche, srutháin, féarach aigéadach sléibhe agus fraochmhá ann. Cothaítear Gé Bhánéadanach Ghraonlannach anseo, agus tá sé ar cheann den líon beag láithreacha beathaithe traidisiúnta ar bhratphortach atá fós in úsáid ag an speiceas.

Clúdaíonn Portach Loch an Oileáin achar mór bratphortach feadh raon cnoic díreach ó dheas de na Gleannta i gCo. Dhún na nGall. Tá córais linnte dea-fhorbartha ag an mbratphortach i gcodanna ísle, ar nós mám nó ag bun fánaí cnoic. Cothaíonn fánaí níos airde fásra fraochmhá níos tirime.

Tá LCS Meentygrannagh, suite timpeall 15 km siar ó dheas ó Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall. Tá an suíomh suite ar thaobh chnoic le fána réidh, le limistéir bhratphortaigh ina bhfuil tulóga den scoth agus limistéir linnte atá lán le caonach portaigh. Is le haghaidh féarach caorach den chuid is mó a úsáidtear an talamh laistigh den suíomh, ach is é an foraoisiú an phríomhbhagairt, agus tá limistéir fhairsing in aice leis an suíomh curtha cheana féin.

Tá LCS Phortach Chruach Eoghanach, suite ar chladach thiar theas Loch Mhúrn, 17 km soir ó thuaidh ó bhaile Dhún na nGall. Tá dromchla an phortaigh ar crith i gceantair agus tá pobail leathana tulóga/loig agus roinnt linnte portaigh móra ann. Tá clúdach fairsing de chaonach portaigh ann freisin. Tá Portach Chruach Eoghanach ar cheann de líon bheag bratphortach slán atá fágtha in oirthear Dhún na nGall.

Tá Loch Dún Rátha/Ardchlár Phaiteagó , suite 10 km soir ó dheas ó bhaile Dhún na nGall ar chladach thiar Loch Dearg. Tá coimpléasc fairsing bratphortach, fraochmhá fliuch agus locha a chlúdaíonn cnoic ísle ann. Is éard atá sa suíomh ná bratphortach nár cuireadh as dó beagnach, a thacaíonn le gnáthspeicis agus raon ghnéithe micreathopagrafacha. Tá na limistéir mhóra fraochmhá fliuch i riocht maith freisin.

LCS Phortach Fhána Bhuí/ Loch na Cuinge suite ag bunchnoic thiar na hEaragaile mórthaibhsí. Díol suime maidir le caomhnú atá sa suíomh seo mar go bhfuil bratphortach ísealchríche slán, fásra Rhynchosporion agus fraochmhá fhliuch ar ardchaighdeán ann. Cuireann láithreacht roinnt speiceas plandaí agus ainmhithe go mór le luach an tsuímh.

LCS Phortach an Ghainimh Ghil suite 6 km soir ó dheas den Chlochán Liath, in aice le sráidbhaile na Dúchoradh in iarthar Dhún na nGall. Tríd is tríd is suíomh ar ardchaighdeán atá ann, le háiteanna fairsinge de Bratphortach ísealchríche slán agus gnáthóga tábhachtacha, is iad sin fraochmhá fhliuch agus lochanna olagatrófacha. Cuireann riasca, poil slogaide, gleannta agus gréasán lochanna agus sruthanna go mór leis an tsuim atá ann sa suíomh.

Tá bratphortach ardchríche, fraochmhá fhliuch agus tá dhá loch sléibhe, Loch Fhada agus Loch Fhionn, ann i LCS Phortach Magheradrumman. Bíonn an Ruabhreac Artach (Salvelinus alpinus) neamhchoitianta ann i Loch Fhada. Cuireann láithreacht fraochmhá fliche agus speicis neamhchoitianta le luach eolaíochta agus caomhnaithe an tsuímh tríd is tríd.

Is éard atá in LCS na Finne ná beagnach an ghné fionnuisce ar fad den Fhinn agus a cuid craobh-aibhneacha, an Chorr Leacaigh, fo-dobharcheantar an Ríleáin, An Sruthán Buí, An Éalaiteach, An Chomairce agus An Ghlaisigh, agus tá Loch Finne, áit a n-éiríonn an abhainn san áireamh ann chomh maith. Ardaíonn éagsúlacht tríd is tríd agus luach éiceolaíoch an tsuímh mar go bhfuil daonraí roinnt éan, mamach, iasc agus plandaí neamhchoitianta nó atá faoi bhagairt le fáil ann.

Díol mór suime éiceolaíochta is ea LCS Siar ó Ard an Rátha/Bhóthar an Aifrinn, tá go leor gnáthóg agus speiceas ann a liostaítear sa Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach. Tá raon leathan gnathóga cósta agus talún difriúla le fáil sa suíomh, agus tá luach ard eolaíochta ag baint leis an ngné seo ann féin.