Réimsí Tionscadal

Liatroim / An Cabhán

Is suíomh sléibhe é LCS Shliabh Áradh i gContae Liatroma, a chuimsíonn bratphortach, fraochmhá agus féarach ardtalún ar ardchlár aolchloiche. Cothaíonn barr an tsléibhe limistéar mór fraochmhá fliuch agus tá flóra fraoigh forbartha go maith ann. Tá bratphortach gníomhach sa deisceart agus i limistéir bheaga scaipthe ar fud an ardchláir. Cothaíonn na limistéir seo gnáthspeicis plandaí bratphortaigh. Póraíonn Seabhac agus Feadóg Bhuí laistigh den suíomh.

Ardchlár sléibhe fairsing atá suite ó thuaidh ó Loch Aillionn i gCo. Liatroma atá in LCS Shliabh na Buaile Brice. Is iad bratphortach sléibhe gníomhach agus fraochmhá fhliuch na gnéithe is suntasaí ann, le lochanna olagatrófacha/diostrófacha scaipthe ar fud na háite.

Leanann LCS Cheantar Sléibhe Chuilcí — Shliabh an Iarainn sraith de cheantair shléibhe scealla i gcontae an Chabháin agus contae Liatroma, lena n-áirítear, Binn Chuilceach ó thuaidh atá ar an teorainn le Tuaisceart Éireann, An Bhinn Bhreac, Bencroy, agus ó dheas, Sliabh an Iarainn, os cionn Loch Aillionn. Díol mór suime is ea an suíomh seo mar gheall ar an ngeolaíocht, an fhiseagrafaíocht agus an flora agus fauna sléibhe atá le fáil ann.