Réimsí Tionscadal

Gaillimh

Clúdaíonn Coimpléasc Phortach Chonamara an chuid is mó d’ísealchríocha Chonamara i gContae na Gaillimhe. Cothaíonn sé raon gnáthóg le limistéir fhairsing bratphortaigh agus fraochmhá. Tá limistéir mhóna dhoimhne ar an suíomh agus lomáin chreagacha clúdaithe le fásra fraoigh. Tá limistéir sheanchoillearnaí darach ann ina bhfuil tor ionrach an róslabhrais le fáil. Tá tábhacht náisiúnta ag baint leis an suíomh don Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach agus tá suíomhanna neadaithe ann don Fheadóg Bhuí.

Tá LCS Choimpléasc Bheanna Beola /an Gharráin , suite in iarthuaisceart Chonamara i gContae na Gaillimhe. Tá réimsí fairsinge bratphortaigh ísealchríche sa tír-raon sléibhtiúil seo. Is é bratphortach/fraochmhánna ardtailte an cineál fásra ceannasach atá ann. In aice na mullaí tá an fásra seo tar éis forbairt ar shraith de mhóin an-tanaí le cuid mhaith de lomán buncharraige. Tá limistéir bheaga sheanchoillearnaí darach ar an suíomh, gnáthóg atá an-neamhchoitianta i gConamara. Tá roinnt coillearnach lán le róslabhras.

Tá LCS Shléibhte Mhám Toirc, suite soir ó na Beanna Beola i gContae na Gaillimhe. Tá fraochmhá fliuch go forleathan ar fhánaí íochtair na sléibhte. Tá fraoch tirim le fáil ar fhánaí géara. Tá roinnt bratphortach ísealchríche slán laistigh den suíomh.

Tá LCS Phortach Shonnaigh, suite ag an taobh thuaidh de Shliabh Eachtaí i gContae na Gaillimhe. Fionnán a chlúdaíonn cairpéad de chaonach portaigh is mó atá ar na fánaí. Tá limistéir chomhréidh ar na fánaí íochtaracha nach bhfuil an féar seo iontu agus is é sciollam na móna is mó atá iontu. Tuairiscíodh go bhfacthas an Chearc Fhraoigh ar an suíomh.

Tá LCS Phortach an Rois Rua, suite ar an leithinis is mó i gCuan na Beirtrí Buí, Conamara, Contae na Gaillimhe. Tá limistéir réidh droimneacha de bhratphortach sa suíomh agus dromanna creagacha scaipthe eatarthu agus fraochmhá. Tá plásóga de chaonach portaigh dea-fhorbartha sna limistéir den suíomh seo nach gcuirtear isteach orthu. Tá gnáthspeicis plandaí bratphortaigh sna ceantair seo. Tá imeall portaigh scoite feadh imeall farraige an tsuímh. Grádaíonn an fásra portaigh go fraochmhá thirim, a fhaightear i gcodanna theas agus thiar an suímh.

LCS Phortach Loch an Tóraic Theas suite thart ar 8 km siar ó thuaidh de Bhaile Uí Bheoláin, ar dhá thaobh na teorann idir an Clár agus Gaillimh. Tá sé suite ar bharr na Scailpe, agus síneann sé amach síos trí na fánaí réidhe ar an taobh ó dheas agus ar an taobh thoir. Tá an Scailp ar cheann de na sléibhte is faide ó dheas, agus is ísle de Shliabh Eachtaí, agus tá sé 325 m ar airde.