LIFE IP Wild Atlantic Nature

Tionscadal comhshaoil naoi mbliana (2021-2029) atá i dTionscadal Comhtháite LIFE Wild Atlantic Nature (IP) atá á stiúradh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar fheidhmíocht na hÉireann maidir le gnáthóga a chaomhnú, agus go háirithe feabhas a chur ar an stádas caomhantais an líonra bratphortaigh sa Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC), gnáthóg tosaíochta faoin Treoir um Ghnáthóga. Tá na 35 suíomh Natura 2000 in iarthuaisceart na hÉireann mar phríomhchuspóir. Oibríonn an tionscadal le feirmeoirí agus pobail áitiúla chun cáilíocht na mbratphortach agus na ngnáthóg gaolmhar a chaomhnú agus a fheabhsú, chomh maith leis na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn siad lena n-áirítear uisce glan, stóráil carbóin agus bithéagsúlacht.

Mar chuid den tionscadal, déanfar scéim phíolótach dheonach um Íocaíocht Agra-comhshaoil Bunaithe ar Thorthaí (RBPS) a nascadh le cáilíocht na gnáthóige, rud a chuirfidh an t-úinéir talún, a scileanna, a saineolas agus a eolas ar a gcuid talún lárnach i bhforbairt an tionscadail seo. Cuirfear roinnt gníomhaíochtaí i bhfeidhm freisin leis an tionscadal a bheidh dírithe ar rannpháirtíocht an phobail níos leithne sa tionscadal a fheabhsú. Áirítear leo seo grúpaí ttacaíochta áitiúla a bhunú ar fud na suíomhanna tionscadail, cláir malartaithe eolais pobail a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, gníomhaíochtaí for-rochtana pobail a riar, clár oideachais scoileanna a fhorbairt, tacú le pobail gníomhaíochtaí turasóireachta agus áineasa a fhorbairt agus a bhainistiú agus bonneagar cuí a fhorbairt. Gníomhaíocht tábhachtach eile de chuid an tionscadail is ea feachtas náisiúnta chun feasacht agus tuiscint an phobail ar líonra Natura 2000 na hÉireann a fheabhsú.

Áireofar ar ghníomhaíochtaí eile suirbhéanna ar shuíomhanna, measúnuithe éiceolaíochta, oiliúint do ghníomhartha caomhnaithe nithiúla, rialú speiceas ionrach, cosc dóiteáin, bainistíocht uisce agus monatóireacht agus meastóireacht.

Léarscáil Ceantair

AE LIFE

Tá clár LIFE mar ionstraim maoinithe de chuid an AE don chomhshaol agus do ghníomhaíocht ar son na haeráide ó bunaíodh é i 1992. Aithníonn an tAontas Eorpach go n-éilíonn aistriú go geilleagar inbhuanaithe athruithe móra in infheistíochtaí i dtreo bonneagair nua, teicneolaíochtaí nua, múnlaí nua gnó, agus modhanna nua táirgthe agus tomhaltais gach cineál earraí agus seirbhísí, lena n-áirítear bia agus acmhainní nádúrtha. Tríd an tacaíocht spriocdhírithe a thugann sé do ghníomhaíochtaí um ghlacadh beartais agus margaidh, tá sé mar aidhm ag clár LIFE cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint agus úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a shaothrú. Go dtí seo, tá thart ar 4,000 tionscadal cómhaoinithe ag LIFE ar fud an AE, rud a chuir níos mó ná €3 billiún le caomhnú an chomhshaoil.

AE LIFE

Natura 2000

Is líonra Eorpach de shuíomhanna thábhachtacha éiceolaíochta é Natura 2000 a shíneann thar níos mó ná 18% d’achar talún an AE agus níos mó ná 8% dá chríoch mhuirí. Tá sé comhdhéanta de Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus de Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) arna n-ainmniú ag Ballstáit faoin Treoir um Ghnáthóga agus faoin Treoir um Éin, faoi seach. Is é aidhm an líonra a chinntiú go mairfidh na speicis agus na gnáthóga is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt san Eoraip go fadtéarmach. Is Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta iad suíomhanna tionscadail Wild Atlantic Nature agus suíomhanna Natura 2000. Tá 13% (9,060km2) d’achar talún na hÉireann san áireamh i líonra Natura 2000, chomh maith le limistéir mhuirí, thar níos mó ná 400 suíomh san iomlán. Tá 50 limistéar sainaitheanta ag Éirinn mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta chun an bratphortach a chosaint. Tá 35 Limistéar bratphortaigh faoi Chaomhnú Speisialta agus 14 Limistéir forluiteacha faoi Chosaint Speisialta (ina bhfuil limistéir shuntasacha bratphortaigh) laistigh de limistéar tionscadail Wild Atlantic Nature sa Réigiún Thuaidh agus Thiar (agus 15 Limistéar bratphortaigh faoi Chaomhnú Speisialta eile sa chuid eile den tír). Tá 262,632 heicteár san iomlán sna 35 limistéar cosanta seo a thacaíonn le 134,319ha de bhratphortach gníomhach, gnáthóg tosaíochta Iarscríbhinn I. Is ionann é sin agus 87% den iomlán náisiúnta de 154,195ha de ghnáthóg bratphortach gníomhach – arb ionann é sin i ndáiríre agus 87% d’iomlán an AE (i ndiaidh an Bhreatimeachta). In Airteagal 17 de thuarascáil na hÉireann 2013 ar stádas caomhantais, measadh go raibh go raibh Stádas Foriomlán Bratphortaigh (gníomhach amháin) “Go dona, le laghdú leanúnach ar mhéid agus ar cháilíocht”.

Natura 2000