Barúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin

Is Tionscadal Comhtháite 9 mbliana atá maoinithe ag an Aontas Eorpach é Nádúr an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP lena mbítear ag obair le feirmeoirí, pobail áitiúla, gníomhaireachtaí stáit agus comhlachtaí eile chun luach a chur leis an réimse leathan seirbhísí a sholáthraítear ó líonra bratphortach agus ceantair ghaolmhara Natura 2000.

Perspectives

Céard atá i gceist le Barúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin?

Is éard atá i gceist le Barúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin sraith de phíosaí tuairime gearra atá scríofa ag réimse leathan rannpháirtithe ó réimsí éagsúla na sochaí. Tá sé d’aidhm aige ardán a chur ar fáil do ghuthanna difriúla chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag líonra Natura 2000 agus na gnáthóga gaolmhara ar a n-obair agus a saol.

Tabharfaidh Barúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin léargas agus tuairimí eolacha maidir le réimse fairsing ábhar atá nasctha le Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA), a bhfuil aird ar leith á díriú ar ghnáthóg na mbratphortach.

Cathain agus cén áit a bhfoilseofar na Barúlacha?

Foilseofar na píosaí Barúlacha ar ár suíomh gréasáin ar bhonn míosúil agus cuirfear chun cinn iad ar chainéil na meán sóisialta dár gcuid. Seolfar sraith na mBarúlacha i mí na Bealtaine 2022.

Cén fáth ar cheart páirt a ghlacadh i mBarúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin?

Le Barúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin tugtar deis do dhaoine páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phobail agus smaointe nua a chur in iúl maidir le réimse topaicí a bhaineann le suíomhanna cosanta in Éirinn.

Cén cineál topaicí a chlúdaítear?

Tá sé d’aidhm ag píosaí barúlacha réimse leathan topaicí agus topaicí comhshaoil, sóisialta, cultúir, eacnamaíochta agus polaitíochta a chlúdach a bhaineann le suíomhanna cosanta nó atá nasctha leo.

Cé a ghlacfaidh páirt i mBarúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin?

Cuirtear fáilte roimh ábhar ó dhaoine difriúla ar fud na sochaí agus cuirfear píosaí atá scríofa ag na cineálacha daoine seo a leanas san áireamh: feirmeoirí, daoine léinn agus oideoirí, eolaithe, oibrithe eagraíochtaí neamhrialtasacha, lucht déanta beartas, oibrithe údaráis áitiúil, ealaíontóirí, gnóthaí agus daoine eile.

An bhfuil teimpléad leagtha amach d’ábhar scríbhneoireachta agus struchtúraithe?

Ceanglaítear teimpléad do Bharúlacha ar Nádúr an Atlantaigh Fhiáin, agus leideanna scríbhneoireachta san áireamh, leis an gcáipéis thosaigh seo.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil chun tuilleadh eolais a fháil?

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le ball na foirne tionscadail, Gary Goggins, ar gary.goggins@housing.gov.ie