
Clár Tailte Portaigh Thionscnamh
an Oileáin Chomhroinnte (CTPTOC)
Is comhpháirtíocht idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) (trí Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin (DAF) LIFE IP), Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireann (NIEA) agus NàdarAlba, thar ceann Chomhpháirtíocht Peatland ACTION, é Clár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte (CTPTOC) chun athchóiriú tailte portaigh a chur i gcrích ar fud na dtrí dhlínse in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus in Albain. Chomh maith le hathchóiriú tailte portaigh a sheachadadh, is iad cuspóirí an chláir ná acmhainn a fhorbairt le haghaidh bainistíocht fhadtéarmach tailte portaigh, taighde agus monatóireacht a dhéanamh, agus aghaidh a thabhairt ar imní shoch-chultúrtha agus ag an am céanna tacú le hobair chomhchoiteann chun spriocanna athraithe aeráide a bhaint amach.
Agus úsáid á baint as maoiniú €10m ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, mar aon le €5m i maoiniú breise ón SPNF agus pearsanra á chur ar fáil ó NIEA agus NádúrAlba, tá na gníomhaireachtaí ag comhoibriú chun éiceachórais ríthábhachtacha talún portaigh a chaomhnú agus astaíochtaí carbóin a laghdú.
Tá sé mar aidhm ag an gclár athchóirithe tailte portaigh trasteorann astaíochtaí carbóin a laghdú de 6,000 tonna carbóin in aghaidh na bliana agus 4,000 heicteár de bhratphortach a athchóiriú laistigh de shuíomhanna faoi chosaint agus in aice leo, ar fud Éireann, Thuaisceart Éireann agus Alban.
Tá Rialtas na hÉireann freagrach as comhordú foriomlán Chlár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte (CTPTOC) a mhairfidh ó 2023 go 2028.
Buaicphointí
Ginearálta
Bhí an chéad chomhdháil thrípháirteach de chuid Chlár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ar siúl in Albain i mí Dheireadh Fómhair 2024, agus ghlac toscairí ó Albain, Tuaisceart Éireann, Éirinn agus níos faide i gcéin páirt inti. Chomh maith le cruinnithe míosúla grúpa oibre, tionóladh go leor seimineár gréasáin agus seisiúin ar líne chun faisnéis a roinnt maidir le maoiniú, seachadadh agus monatóireacht athchóirithe tailte portaigh. Tionólfar comhdháil eile i dTuaisceart Éireann i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Éire
Tá clár athchóirithe atá maoinithe ag an Oileán Comhroinnte ar LCS (Limistéar Caomhantais Speisialta) Ardtailte Bhinn Chuilceach-Shliabh an Iarainn ag dul ar aghaidh thar 250 heicteár. Tá pleananna gníomhaíochta athchóirithe críochnaithe agus athbhreithnithe le húinéirí talún sula dtosaíonn an t-athchóiriú ar an talamh. Cuireadh tús le seachadadh na n-ábhar atá riachtanach don athchóiriú ar an láthair, agus bhí gá le seachadtaí héileacaptair do chuid acu mar gheall ar an tír-raon deacair. Tá sraith iomlán trealaimh monatóireachta i bhfeidhm chun éifeachtúlacht an chur i bhfeidhm a chinntiú i dtéarmaí chuspóirí an tionscadail.

Tá tús curtha le dearadh chun pleananna athchóirithe a fhorbairt do bhratphortach atá curtha le foraoiseacht i suíomhanna Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) nó in aice leo i gContae Mhaigh Eo. Tá próiseas roghnúcháin suímh críochnaithe do dhá shuíomh, agus tá an tríú suíomh á bhreithniú. Tá cead pleanála ag teastáil chun foraoiseacht a bhaint agus chun athchóiriú tailte portaigh a chur i bhfeidhm, agus tá iarratais phleanála do na suíomhanna ó Fhoraois go Portach sin á n-ullmhú faoi láthair.

Tá oiliúint athchóirithe tailte portaigh seachadta, trí Ionad Carbóin Albanach Crichton, do bhreis is 150 páirtí leasmhar, lena n-áirítear baill foirne ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), Údaráis Áitiúla, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF), Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPro), Foras na Mara, pobail áitiúla, feirmeoirí agus foirne Thionscadail Chomhair na Scéime Comhshaoil Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES).

Tuaisceart Éireann
I dTuaisceart Éireann, tá Clár Ciste Dúshláin Tailte Portaigh (CDTP) á riaradh ag baint úsáid as samhail atá ann cheana féin agus atá seanbhunaithe laistigh den Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe (RTCGT) chun oibriú le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha comhshaoil (eNGOanna). Bhí próiseas deontais don CDTP oscailte d’iarratais a raibh costas seachadta tionscadail íosta de £50,000 acu chun go bhféadfaí tionscadail athchóirithe tailte portaigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na hiarratais a fuarthas, roghnaíodh cúig thionscadal don chiste sin. Tá tús curtha sna cúig thionscadal sin ar fad lena gconarthaí agus, mar thoradh ar a gcuid oibre, déanfar 437 heicteár a athchóiriú ar an talamh ar shuíomhanna ar fud na cúige, agus forbrófar pleananna athchóirithe do bhreis is 6,000 heicteár de thalamh portaigh atá i riocht neamhfhabhrach.
Tá blocáil draenacha críochnaithe in 180 heicteár de thalamh portaigh ag Altikeeragh, suíomh Limistéir Leasa Eolaíochta Speisialta (LLES) ar an gcósta thuaidh trí obair Iontaobhas Oidhreachta Chósta agus Ghleannta Chlochán an Aifir.
Sa bhliain 2021, agus úsáid á baint as maoiniú Source to Tap, d’athchóirigh Uisce Thuaisceart Éireann (UTÉ) 27 heicteár de thalamh dífhoraoisithe faoi úinéireacht na Seirbhíse Foraoiseachta ag Loch Braden in aice leis an Ómaigh. Áiríodh leis na hidirghabhálacha blocáil draenacha (dambaí móna agus plaisteacha, líonadh le bruscán), agus suiteáil bundaí cille. In 2025, athchóiríodh 26 heicteár eile ag baint úsáid as teicnící comhchosúla agus an uair seo ag baint úsáid as Maoiniú Dúshláin Tailte Portaigh RTCGT. Chun an pointe sin a bhaint amach in 2025, bhí gá le hiarratas comhoibríoch idir an Cumann Ríoga um Chosaint Éan (CRCÉ) agus Uisce Thuaisceart Éireann (UTÉ) ar Chiste Dúshláin Tailte Portaigh RTCGT, idirbheartaíocht maidir le crainn a bhaint, toilithe agus ceadúnais ábhartha a fháil agus comhairleoirí speisialaithe agus conraitheoirí a fhostú.



Albain
Is é NàdarAlba an comhpháirtí Albanach laistigh de Chlár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte a dhéanann ionadaíocht ar Peatland ACTION – clár náisiúnta chun tailte portaigh a athchóiriú ar fud na hAlban a sholáthraíonn maoiniú, tacaíocht agus comhairle chun athchóiriú tailte portaigh ar an talamh a chur i gcrích. Tá Peatland ACTION maoinithe ag Rialtas na hAlban agus seachadta i gcomhpháirtíocht faoi stiúir NádúrAlba in éineacht le hÚdarás Pháirc Náisiúnta a’ Mhonaidh Ruaidh, Údarás Pháirc Náisiúnta Loch Laomainn is an Trossachs, Uisce na h-Alban, agus Foraoiseacht agus Fearann Alban.
Tríd an CTPTOC, tá Albain dírithe ar roinnt réimsí tábhachtacha chun tacú le hobair athchóirithe. Áiríodh leo siúd síneadh a chur leis an séasúr oibriúcháin trí úsáid a bhaint as prótacal Athchóirithe Tailte Portaigh agus Éan Goir, teicnící nuálacha a fhorbairt mar thrialacha cás-staidéir agus dul i ngleic le láithreacha a bhfuil creimeadh casta iontu a bhfuil tosca dúshlánacha agus casta ag baint leo.
Chomh maith leis sin, tá oiliúint curtha ar fáil ag NádúrAlba do chonraitheoirí, dearthóirí agus comhairleoirí laistigh de na hearnálacha poiblí, príobháideacha agus tríú leibhéal ar fud mhórthír agus oileáin na hAlban.
Tá an t-athchóiriú tailte portaigh a rinneadh faoin scéim suite ar fud na hAlban. I measc na dteicnící athchóirithe a úsáideadh ar na suíomhanna sin, bhí blocáil draenacha agus athphróifíliú, dul i ngleic le creimeadh agus móin lom, scrobarnach a bhaint, obair athfhásraithe agus triail ar úsáid olla caorach chun cabhrú le móin lom a chobhsú.


I mí Dheireadh Fómhair 2024, bhí an chéad chruinniú i láthair go pearsanta de chuid Chlár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte in Albain freisin, agus bhí ionadaithe ó na trí dhlínse i láthair ann. Bhí fócas láidir sa chomhdháil ar líonraí gairmiúla a thógáil agus ar na naisc a thuiscint idir tionscadail tailte portaigh ar fud na dtrí thír, ag obair chun saineolas a fhorbairt, eolas a mhalartú agus deiseanna nua a chruthú chun comhoibriú agus dea-chleachtais a roinnt ar fud na comhpháirtíochta. Trí chuir i láthair, cuairteanna ar an láthair agus seisiúin cheardlainne, d’oibrigh toscairí chun topaicí a aithint inar féidir le heagraíochtaí comhpháirtíochta foghlaim óna chéile nó cur le cuir chuige atá ann cheana féin san earnáil athchóirithe tailte portaigh.
Tá Clár Tailte Portaigh Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte ag comhlíonadh chuspóir an Oileáin Chomhroinnte chun acmhainn a fhorbairt i seachadadh athchóirithe tailte portaigh ar fud na dtrí dhlínse uile.