Scéim Íocaíochta Bunaithe ar Thorthaí (SÍBT)

Cuireadh Scéim phíolótach agra-chomhshaoil Íocaíochta Bunaithe ar Thorthaí Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin (SÍBT) i bhfeidhm in 2021-2022 chun acmhainn a fhorbairt i measc feirmeoirí, comhairleoirí feirme, lucht déanta beartas agus eolaithe rannpháirteacha chun seirbhísí éiceachórais feabhsaithe a sheachadadh – lena n-áirítear cáilíocht uisce, bithéagsúlacht agus rialáil aeráide – ar bhealach a n-éiríonn leis d’úinéirí talún agus don chomhshaol. B’ionann an phríomhsprioc agus ocht suíomh Natura 2000 in iarthuaisceart Éireann atá ainmnithe mar ghnáthóg bhratphortaigh. Leis an gcur chuige SÍBT, nasctar íocaíochtaí agra-chomhshaoil feirmeoirí go díreach le riocht éiceolaíoch a gcuid talún, rud a thugann luach saothair do bhainistíocht comhshaoil atá déanta go maith agus a spreagann feabhsú ar thalamh a bhfuil scór níos ísle aige. Ghlac 823 feirmeoir ar fud 63,000ha de thalamh Natura 2000 agus talamh teorantach páirt in SÍBT Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin. D’fhreastail na rannpháirtithe uile ar cheann amháin nó níos mó de 19 seisiún oiliúna i measúnú comhshaoil agus i mbainistíocht talún.

Rinneadh íocaíochtaí a bhain le seirbhísí comhshaoil ​arbh fhiú €3m iad le feirmeoirí, agus cuireadh oiliúint ar 52 comhairleoir feirme, agus cuireadh ar conradh iad, chun measúnuithe éiceolaíocha a dhéanamh dá gcliaint. Ghlac breis is 100 eolaí, lucht déanta beartas agus oifigeach rialtais páirt in oiliúint SÍBT agus i gceardlanna forbartha acmhainne. Rud atá tábhachtach, cuireann SÍBT meicníocht forfheidhmithe shoiléir ar fáil do chaomhnú agus athchóiriú tailte móna ar scála. Leanann an fhoireann tionscadail de bheith ag soláthar tacaíochtaí airgeadais agus teicniúla do na céadta feirmeoir atá ag déanamh gníomhartha chun feabhas a chur ar an riocht éiceolaíoch. Chuir na ceachtanna ón tionscadal píolótach eolas ar fáil d’fhorbairt chlár ACRES CP na Roinne Talmhaíochta atá bunaithe ar thorthaí atá á sheachadadh faoi láthair do 20,000 feirmeoir i bPlean Straitéiseach Chomhbheartas Talmhaíochta na hÉireann (2023-2027) ar fiú €150m in aghaidh na bliana é.

Is féidir ábhar SÍBT Dhúlra an Atlantaigh Fhiáin a fháil anseo.

Cad is Scéim Íocaíochta Bunaithe ar Thorthaí ann?

Faoi Scéimeanna Íocaíochta Bunaithe ar Thorthaí, nasctar íocaíochtaí go díreach le cáilíocht chomhshaoil feirme, agus bíonn leibhéal íocaíochta níos airde i gceist mar thoradh ar cháilíocht nádúir níos airde. Tá an talamh go léir atá páirteach, príobháideach agus coimín araon, roinnte ina gceapacha, agus faigheann gach ceann acu scór gnáthóige ó 0 go 10 gach bliain, ag brath ar cháilíocht an chomhshaoil. Is leis an scór sin a chinntear na leibhéil íocaíochta.

Scór Cáilíochta Gnáthóige

Gníomhartha tacúla

Is bearta deonacha iad gníomhartha tacúla a fhéadfaidh feirmeoir a roghnú a dhéanamh d’fhonn cáilíocht gnáthóige a fheabhsú. I gcás inar mhian le feirmeoir (nó grúpa feirmeoirí) gníomhartha tacúla a dhéanamh, bhí maoiniú breise ar fáil. I measc na ngníomhartha tacúla tipiciúla a bhí maoinithe ag an gclár bhí fálú, rialú speiceas ionrach, áiseanna óil beostoic, athghníomhachtú talún portaigh agus blocáil draenacha.

Sampla chun íocaíocht feirme a ríomh

Cás 1: Íocaíocht Shamplach