
Athchóiriú ó Fhoraois go Portach
Oibríonn Dúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP go dlúth le feirmeoirí, pobail áitiúla agus úinéirí talún chun ár líonra Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) de bhratphortaigh agus limistéir ghaolmhara a chaomhnú agus a athchóiriú.
Plandálacha foraoiseachta ar bhratphortach
Bhí plandú tráchtála buaircíneach ar thailte portaigh mar chleachtas coitianta in Éirinn le céad bliain anuas agus thug sé buntáistí socheacnamaíocha gearrthéarmacha tábhachtacha d’an-chuid ceantar. Tá a fhios againn anois go mbíonn tionchair dhiúltacha go minic ag an bhforaoisiú ar an gcomhshaol ar bhratphortaigh. Bhí an-chuid plandálacha lonnaithe i limistéir móna doimhne le maoschláir arda a raibh rátaí fáis an-lag mar thoradh orthu. Le haghaidh go leor úinéirí talún, tá luach airgeadúil an bhairr íseal agus tá ualaí airgeadais breise ann maidir le costais árachais leanúnacha agus bacainní rialála, go háirithe má tá siad lonnaithe taobh istigh de láithreáin ainmnithe nó láithreáin atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de nó cóngarach dóibh.
Athchóiriú ó fhoraois go portach
Is éard atá i gceist le hathchóiriú ó fhoraois go portach ná plandálacha buaircíneacha a bhaint de limistéir a bhí ina dtailte portaigh oscailte tráth, agus é mar aidhm leis cáilíocht gnáthóige a fheabhsú agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Is féidir le hathchóiriú ó fhoraois go portach a bheith ina ghnóthas casta costasach mar gheall ar dhíghrádú forleathan ghnáthóg na dtailte portaigh agus mar gheall ar chastachtaí praiticiúla agus rialála breise a bhaineann le deireadh a chur leis an bhforaoiseacht agus úsáid talún a athrú.
Glao ar léirithe Spéise
Tá Dúlra an Atlantaigh Fhiáin LIFE IP ag obair le húinéirí talún a bhfuil tailte acu laistigh de shuíomhanna ainmnithe, nó in aice leo, a d’fhéadfadh suim a bheith acu a bhforaoiseacht a athbhunú mar thalamh portaigh oscailte. Tá foirmeacha Léirithe Spéise chun páirt a ghlacadh inár gclár athchóirithe ó fhoraois go portach ar fáil anseo. Is féidir leat an ráiteas príobháideachais a íoslódáil anseo.