Pile of cutting turf

Tionscadal Píolótach maidir le hAthchóiriú – Athfheistiú

Tá sé de chuspóir leis an tionscadal seo an gá atá le móin i Limistéir Caomhantais Speisialta (LCS) agus in áiteanna ina dtimpeall a laghdú agus freastal d’athchóiriú ar bhratphortaigh agus ar na gnáthóga a bhaineann leo. Chun go mbeifear ábalta sin a dhéanamh, déanfar aisfheistiú ar theach cónaithe gach duine de na rannpháirtithe ionas go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus, i gcúiteamh air sin, aontóidh siadsan le hathchóiriú ar réimsí móinchirt agus le héirí as móin a bhaint san am atá romhainn. Tá leibhéal suntasach infheistíochta a dhéanamh i gceantair thuaithe in Éirinn i gceist leis an tionscadal seo agus cuideoidh sé lena bhfuil de dhualgas ar an stát faoi Threoracha an AE maidir le hÉin agus le Gnáthóga a shásamh i ndáil le réimsí

Baint mhóna

Is iondúil, san áit a mbíonn móin á baint, go mbíonn cuma lag ó thaobh cúrsaí comhshaoil ar an mbratphortach agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar an éiceachóras tríd is tríd. Is féidir íocaíochtaí agra-chomhshaoil níos ísle a bheith de thoradh ar ghnáthóga atá i ndroch-chaoi freisin i limistéir talaimh ina dtarlaíonn sin. Chomh maith leis sin, déanann sé dochar do shláinte an duine, mar go bhfuiltear ag cur isteach ar chaighdeán an aeir, breosla smúitiúil (ar nós na móna) a dhó.

Dá ainneoin sin, is breosla tábhachtach í an mhóin ag go leor teaghlach. Tá sé tábhachtach roghanna eile a chur ar fáil do dhaoine ionas nach mbíonn gá acu níos mó le móin agus go maolaítear an drochthionchar a bhíonn ag baint mhóna ar an timpeallacht agus ar shláinte an duine.

Laghdóidh an t-éileamh a bheidh ar mhóin de thoradh an tionscadail agus déanfar bratphortaigh agus na gnáthóga a bhaineann leo a athchóiriú.

Aisfheistiú Tithe

Tá sé de chuspóir leis an tionscadal seo go laghdófar an úsáid a bheadh á baint as móin mar bhreosla sna tithe trí aisfheistiú a dhéanamh orthu chun mbeidh siad ar chaighdeán níos airde maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil do rannpháirtithe faoin tionscadal chomh maith le leas a bhaint as deontais maidir le feabhas a chur ar chórais fuinnimh ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Baintear leas faoin tionscadal seo as an múnla Aon Ionad Amháin atá ag SEAI chun tithe rannpháirteacha a thabhairt ar an gcaighdeán is gá chun na deontais a fháil atá ar fáil.

Cuspóirí

  • A léiriú gur féidir le haisfheistiú ar thithe an t-éileamh ar mhóin a mhaolú agus, dá réir sin, ísliú a thabhairt i gcrích maidir leis an úsáid a bhaintear as móin i Limistéir Caomhantais Speisialta (LCC) a ainmnítear mar gheall ar bhratphortaigh agus i gceantair in aice láimhe.
  • Cuidiú le dualgais an stáit faoi Threoracha an AE maidir le Gnáthóga a shásamh i ndáil le réimsí bratphortaigh i Limistéir Caomhantais Speisialta a chaomhnú.
  • Cuidiú leis an bhfís faoi Phlean Gníomhaíochta na hÉireann um Bithéagsúlacht a bhaint amach ionas, faoin mbliain 2050, go mbíonn aird ar an mbithéagsúlacht, í caomhnaithe, athchóirithe agus á húsáid go hinbhuanaithe ionas go gcothaítear seirbhísí éiceachórais agus bail mhaith ar an bpláinéad agus go dtugtar tairbhe i gcrích atá bunriachtanach ag an uile dhuine.
  • Cuidiú le sprioc faoi Chuspóir Aeráide Náisiúnta 2050 na hÉireann a bhaint amach maidir le maolú suntasach agus práinneach a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as breoslaí iontaise agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh i dtithe cónaithe óna n-eascraíonn toradh chun sochair le haghaidh gach líon tí ó thaobh éifeachtúlachta, compoird, sláinte agus folláine

Tá tuilleadh eolais faoin Tionscadal Píolótach maidir le hAthchóiriú – Athfheistiú le fáil anseo